Ó hEilíre, Stiofán

Grianghraif

Stiofán Ó hEilíre (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann,
                  An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Stiofán Ó hEilíre (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)

Nóta beathaisnéise

Ó hEilíre (Hellery, Hillery, Ó hEalaoire), Stiofán (Stephen) (1858-1944): I mBaile Uí Choileáin, contae an Chláir, a rugadh é i mí na Nollag 1858. Ba iad Mícheál Ó hEalaoire agus Cáit Ní Dhanachair a thuismitheoirí. Scéalaithe ba ea an bheirt acu. D'fhreastail Stiofán ar an scoil áitiúil go neamhrialta ar feadh dhá bhliain nó trí. Cosúil lena athair, feirmeoir ba ea Stiofán. Bhí baint aige le Conradh na Talún ina cheantar. Bhí sé ina chónaí i mBaile Uí Choileáin lena mháthair le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000471153/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001770284/] agus níor phós sé riamh. Fuair sé bás ar an gceathrú lá de Bhealtaine 1944. Leath a cháil mar scéalaí tar éis 1930, tráth a chuir an scoláire mór béaloidis Séamus Ó Duilearga aithne air. Foilsíodh na scéalta go léir a fuair Ó Duilearga uaidh in Daithí Ó hÓgáin (eag.), Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire (BÁC, 1981). Tá roinnt mhaith ábhair a bailíodh uaidh ar fáil freisin i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC, mar aon le cuntas uaidh ar a shaol féin, agus cuntas iarbháis a scríobh Seán Mac Mathúna. Féach freisin: Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=81.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/192
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1161, LA 1162
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoBillie Touras (cuid 1) - Stiofán Ó hEilíre
Billie Touras (cuid 2); uimhreacha - Stiofán Ó hEilíre
Tréigeann an fhéile - Stiofán Ó hEilíre
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1161g1, LA_1162g1, LA_1162g2
Céadainm (Canónta)Stiofán
Sloinne (Canónta)Ó hEilíre
Leagan(acha) eile den chéadainmStephen
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Hellery
Contae dúchaisCo. an Chláir
SeoladhBaile Uí Choileáin, Dúlainn, Inis Díomáin, Co. an Chláir
Aois72
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheBaile Uí Choileáin, Dúlainn, Co. an Chláir
Baile mór is gaire don áit bhreitheInis Díomáin, Co. an Chláir
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Baile Uí Choileáin, Co. an Chláir
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Baile Uí Choileáin, Co. an Chláir
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Baile Uí Choileáin, Co. an Chláir
OideachasD'fhreastail ar an scoil áitiúil go neamhrialta thar thréimhse 2-3 bliana, Dúlainn, Co. an Chláir
Áit dúchais an atharDún Mhic Fheidhlim, Dúlainn, Co. an Chláir
Áit dúchais na mátharLuach, Dúlainn (Dubhlinn), Co. an Chláir
Slí bheatha an atharFeirmeoir beag agus iascaire
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (beagán Béarla)
In ann scríobh?Tá (beagán Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille, Séamus Ó Duilearga
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."Very well told, but the speaker did not pause between 1 and 2." (Myles Dillon)