Ó Síocháin, Conchúr
Grianghraif

Conchúr Ó Síocháin (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Nóta beathaisnéise
Ó Síocháin (Ó Síothcháin, Sheehan), Conchúr (Conchubhar, Cornelius) (1866-1941): Ar Oileán Chléire, contae Chorcaí, a rugadh é ar an 18 Feabhra 1866, agus is ann a fuair sé a chuid bunscolaíochta. Is ansin a bhí sé ina chónaí le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000591721/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002020359/]. B'fheirmeoir agus iascaire é. Ba cheardaí é chomh maith, agus tá cathaoir uilleann shúgáin dá dhéantús in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Níor phós sé riamh. Fuair sé bás ar an 3 Feabhra 1941. Sholáthraigh sé píosaí seanchais agus ceoil don Lóchrann i 1930-31. Tá ábhar a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC) chomh maith. Tá roinnt eolais faoi Chonchúr Ó Síocháin cruinnithe ar an suíomh Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=116. Tá breis eolais faoina bheatha sa leabhar Seanchas Chléire (BÁC, 1940), ina bhfuil ábhar a bhailigh Ciarán agus Mícheál Ó Síocháin uaidh. Tá sé aistrithe go Béarla ag Riobárd P. Breathnach faoin teideal The man from Cape Clear (BÁC, 1975).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/9, Doegen P-B/10 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1039, LA 1040 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An mac scaiptheach - Conchúr Ó Síocháin Ládáil loinge de chataibh - Conchúr Ó Síocháin Bean an leasa - Conchúr Ó Síocháin |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1039d1, LA_1040d1, LA_1040d2 |
| Céadainm (Canónta) | Conchúr |
| Sloinne (Canónta) | Ó Síocháin |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Níl faisnéis ar fáil. |
| Leagan(acha) eile den sloinne | Níl faisnéis ar fáil. |
| Contae dúchais | Co. Chorcaí |
| Seoladh | Cléire, Co. Chorcaí |
| Aois | 61 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Cléire, Co. Chorcaí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | An Sciobairín, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Cléire, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Cléire, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Cléire, Co. Chorcaí |
| Oideachas | Bunscoil, Cléire, Co. Chorcaí |
| Áit dúchais an athar | Cléire, Co. Chorcaí |
| Áit dúchais na máthar | Cléire, Co. Chorcaí |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir agus iascaire |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Fíorbheagán Béarla |
| In ann léamh? | Níl |
| In ann scríobh? | Níl |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tadhg Ó Donnchadha, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "leise St[imme]" (Wilhelm Doegen) |
