Mac Coitir, Diarmuid

Grianghraif

Diarmuid Mac Coitir (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann,
                  An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Diarmuid Mac Coitir (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Diarmuid Mac Coitir (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann,
                  An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Diarmuid Mac Coitir (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Diarmuid Mac Coitir (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann,
                  An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Diarmuid Mac Coitir (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)

Nóta beathaisnéise

Mac Coitir (a Coitir, 'ac Coitir, Cotter), Diarmuid (Diarmaid, Jeremiah, Jerry Chrothúir Jer) (1880-1959): I mBéal Átha an Ghaorthaidh, contae Chorcaí, a rugadh é ar an 7 Bealtaine 1880, agus is ansin a d'fhreastail sé ar scoil. Cornelius Cotter, feirmeoir, a athair, agus Johanna McCarthy a mháthair. Tá fáil ar an teaghlach i ndaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000543140/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001966266/]. B'fheirmeoir é agus bhí baint aige le Dámhscoil Mhúscraí. Chum sé amhráin agus chuir sé ábhar seanchais chuig tréimhseacháin éagsúla. Tá dhá scéal leis in Sgéalta Andeas, a d'fhoilsigh Gael Linn. Bhuaigh sé duais ag Feis na Mumhan i 1901, agus bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais i 1902-4, 1914 agus 1954-5. Phós sé Julia Ní Chéileachair as Sliabh Riabhach, Baile Bhuirne, agus chuaigh chun cónaithe ar an bhfeirm ansin mar chliamhain isteach. Bhí beirt mhac acu. Fuair Diarmuid bás ar an 9 Iúil 1959. Don ábhar béaloidis a bailíodh uaidh féach Risteárd de hAe, Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge (BÁC, 1938-40), innéacs. Tá ábhar a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC) chomh maith. Tá cuid mhaith eolais faoi Dhiarmuid Mac Coitir cruinnithe ar an suíomh Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=636. Tá breis eolais faoina bheatha ar fáil i bpíosa a scríobh Donncha Ó Cróinín faoi in Béaloideas32 (1964).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/7, Doegen P-B/8
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1037, LA 1038
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn mac scaiptheach - Diarmuid Mac Coitir
An triúr iascairí - Diarmuid Mac Coitir
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1037d1, LA_1038d1
Céadainm (Canónta)Diarmuid
Sloinne (Canónta)Mac Coitir
Leagan(acha) eile den chéadainmDiarmaid
Leagan(acha) eile den sloinne
  • ac Coitir
  • a' Coitir
Contae dúchaisCo. Chorcaí
SeoladhDoire na Sagart, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí (nó Doire na Sagart, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí)
Aois48
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Baile mór is gaire don áit bhreitheMaigh Chromtha, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
OideachasBunscoil, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Áit dúchais an atharBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Áit dúchais na mátharBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tadhg Ó Donnchadha, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."h/ha" (Wilhelm Doegen)