Mullrooney, Eileen
Nóta beathaisnéise
Mullrooney (Ní Mhaolrúnaigh, Mulrooney), Eileen (Eibhlín, Ellen) (c.1856-?): I Lios an Bhrogaí, Béal Átha Ghártha, contae na Gaillimhe, a rugadh í timpeall na bliana 1856. Ní bhfuair sí aon scolaíocht fhoirmiúil riamh. B'fhíodóir a hathair. Agus í ina bean fhásta, bhí cónaí uirthi ar feadh deich mbliana i gCluain Laighean, Béal Átha Ghártha, agus ina dhiaidh sin sa Tulaigh, Béal Átha Ghártha. Is ansin a bhí sí le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000834212/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000834212/]. Phós sí James Mulrooney thart ar 1882. Rugadh naonúr páistí dóibh, ach níor mhair ach cúigear acu.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Baineann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/176 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1141 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Aindrias Ó Lócháin agus an sagart - Eileen Mullrooney Péarlaí deas an tSléibhe Bháin - Eileen Mullrooney |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1141g1, LA_1141g2 |
| Céadainm (Canónta) | Eileen |
| Sloinne (Canónta) | Mullrooney |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Ellen |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. na Gaillimhe |
| Seoladh | An Tulaigh, Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe |
| Aois | 74 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Lios an Bhrogaí (Lios a' Bhrogaigh), Béal Átha
Ghártha, Co. na Gaillimhe |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Lios an Bhrogaí (Lios a' Bhrogaigh), Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Lios an Bhrogaí (Lios a' Bhrogaigh), Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | 10 mbliana i gCluain Laighean, Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe; ina dhiaidh sin sa Tulaigh, Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe |
| Oideachas | Ní bhfuair aon scolaíocht. |
| Áit dúchais an athar | Lios an Bhrogaí (Lios a' Bhrogaigh), Co. na Gaillimhe |
| Áit dúchais na máthar | Lios an Bhrogaí (Lios a' Bhrogaigh), Co. na Gaillimhe |
| Slí bheatha an athar | Fíodóir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (beagán Béarla) |
| In ann scríobh? | Níl |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Níl faisnéis ar fáil. |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | Níl faisnéis ar fáil. |
