Breathnach, Tomás (c.1839-?)
Nóta beathaisnéise
Breathnach (Breanhach, Walsh), Tomás (Thomas) (1839-?): Sa Chom, Cordal, contae Chiarraí, a rugadh é sa bhliain 1839. Agus é ina dhuine fásta, chaith sé 6 mhí i Meiriceá. B'fheirmeoir a athair, agus b'fheirmeoir é féin chomh maith. Marg[a]ret ab ainm dá mháthair de réir dhaonáireamh 1901. Bhí sé ina chónaí sa Chom lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000888402/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002508034/]. Phós sé a bhean chéile, Hannah/Nora, thart ar 1875. Bhí aon pháiste dhéag acu, agus ochtar fós beo i 1911. Sholáthair Tomás leagan eile den scéal 'Comhairle Uilig Uí Chéirín' do Thadhg Ó Céin, atá ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC (Bailiúchán na Scol, LS 419).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/34 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1064 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Comhairle Uilig Uí Chéirín - Tomás Breathnach (c.1839-?) Eachtra an scoláire - Tomás Breathnach (c.1839-?) Eachtra na mná móire thar lear - Tomás Breathnach (c.1839-?) |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1064d1, LA_1064d2, LA_1064d3 |
| Céadainm (Canónta) | Tomás |
| Sloinne (Canónta) | Breathnach |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Thomas |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Chiarraí |
| Seoladh | An Com, Cordal, Co. Chiarraí |
| Aois | 89 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | An Com, Co. Chiarraí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Oileán Ciarraí, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | An Com, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | An Com, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | An Com, Co. Chiarraí, taobh amuigh de 6 mhí i Meiriceá. |
| Oideachas | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit dúchais an athar | An Com, Co. Chiarraí |
| Áit dúchais na máthar | Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "mh, ha mit dunkl[em] vibrat. Einschlag. geringe stimmlose Konsonanz. nasalierend." (Wilhelm Doegen) |
