Mac Gearailt, Mícheál
Nóta beathaisnéise
Mac Gearailt (Fitzgerald, Icearailt), Mícheál (Míhál, Michael, Maidhc Pheats) (c.1892-1941). I nDún Chaoin i gcontae Chiarraí a rugadh é timpeall na bliana 1892. Ba é an mac ba shine de dheichniúr clainne é (ochtar a mhair) ag Peats Icearailt/Patrick Fitzgerald, feirmeoir agus iascaire, agus Mary Fitzgerald. Ní bhfuair sé aon scolaíocht fhoirmeáilte. Is i gCom Dhíneol i nDún Chaoin a bhí sé ina chónaí lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000861908/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002480310/]. B'fheirmeoir agus iascaire é féin, agus de réir píosa a scríobh Seosamh Ó Dála i Meán Fomhair 1944, ba shaor cloiche é agus é ina fhear óg. De réir an phíosa chéanna, bhí 'an[-]éirim ar rínnce agus ar cheól aige'. Is cosúil nár phós sé riamh. Tháinig taom air i mí Eanáir 1941. Fuair sé bás san ospidéal cúpla lá ina dhiaidh sin, agus é 50 bliain d'aois. Tá roinnt mhaith ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC), cuntas Sheosaimh Uí Dhála ar Mhícheál Mac Gearailt féin san áireamh.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/54, Doegen P-B/55 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1085, LA 1086 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Fionn agus an fear gorm - Mícheál Mac Gearailt An bheirt iascairithe agus Dónall Ó Conaill - Mícheál Mac Gearailt Coigilt na tine - Mícheál Mac Gearailt Na coiscéimí - Mícheál Mac Gearailt |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1085d1, LA_1086d1, LA_1086d2, LA_1086d3 |
| Céadainm (Canónta) | Mícheál |
| Sloinne (Canónta) | Mac Gearailt |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Míhál |
| Leagan(acha) eile den sloinne | Níl faisnéis ar fáil. |
| Contae dúchais | Co. Chiarraí |
| Seoladh | Dún Chaoin, An Daingean, Co. Chiarraí |
| Aois | 36 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Dún Chaoin, Co. Chiarraí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | An Daingean, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Dún Chaoin, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Dún Chaoin, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Dún Chaoin agus paróistí máguaird. |
| Oideachas | Ní bhfuair aon scolaíocht. |
| Áit dúchais an athar | Dún Chaoin, Co. Chiarraí |
| Áit dúchais na máthar | Gar do Dhún Chaoin, Co. Chiarraí |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir agus iascaire |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Níl aon teanga eile aige. |
| In ann léamh? | Níl |
| In ann scríobh? | Níl |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir agus iascaire |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "[mhe?]/ha mit weich, gering nasalierend[em] Einschlag, mittlere Stimmkraft, sehr schnelles Tempo. mittlere stimml[ose] Konsonanz." (Wilhelm Doegen) |
