Ó hAiniféin, Seán

Nóta beathaisnéise

Ó hAiniféin (Ó Hainifén, Hanafin, Hanifin), Seán (John) (c.1868-?): I Lios Póil i gcontae Chiarraí a rugadh é ar an 10 Aibreán 1868. Ba iad John Hanafin, feirmeoir, agus Hellena Garvey a thuismitheoirí. B'fheirmeoir é féin chomh maith. Chuaigh sé go bunscoil Lios Póil agus na Mine Airde. Sa Mhin Aird a bhí sé le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000859459/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003929129/]. Chónaigh sé ansin ar feadh a shaoil ar fad, taobh amuigh de shé mhí a chaith sé taobh thiar den Daingean, contae Chiarraí. Phós sé Eliza Hanafin (Elizabeth Hanifin) timpeall na bliana 1898. Faoi 1911, rugadh ochtar páistí dóibh ach níor mhair ach seisear. Tá ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/56, Doegen P-B/57
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1087, LA 1088
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAmhailt éisc - Seán Ó hAiniféin
Amhailt éisc (cuid 1 arís, go mall) - Seán Ó hAiniféin
An Lóchair Mhór - Seán Ó hAiniféin
An sclábhaí agus an táilliúir - Seán Ó hAiniféin
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1087d1, LA_1087d2, LA_1088d1, LA_1088d2
Céadainm (Canónta)Seán
Sloinne (Canónta)Ó hAiniféin
Leagan(acha) eile den chéadainmJohn
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Ó Hainifén
  • Hanifin
Contae dúchaisCo. Chiarraí
SeoladhLios Póil, Co. Chiarraí
Aois60
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheLios Póil, Co. Chiarraí
Baile mór is gaire don áit bhreitheAn Daingean, Co. Chiarraí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Lios Póil, Co. Chiarraí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Lios Póil, Co. Chiarraí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Lios Póil, Co. Chiarraí, taobh amuigh de 6 mhí ar an taobh thiar den Daingean, Co. Chiarraí.
OideachasBunscoil, Lios Póil agus An Mhin Aird, Co. Chiarraí
Áit dúchais an atharLios Póil, Co. Chiarraí
Áit dúchais na mátharLios Póil, Co. Chiarraí
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."mh/ha mit weich dunkl[em] gering nasalierend[em] Einschlag." (Wilhelm Doegen)