Ó Cadhla, Labhrás

Grianghraif

Labhrás Ó Cadhla (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An
                  Coláiste Ollscoile, BÁC)
Labhrás Ó Cadhla (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)

Nóta beathaisnéise

Ó Cadhla, Labhrás (1889-1961): An t-amhránaí is mó cáil lena linn sna Déise. I Scairt na Draighní, contae Phort Láirge, a rugadh é ar an 26 Eanáir 1889. Oibrí coitianta ba ea a athair, Richard Kiely, agus Johanna Flynn ab ainm dá mháthair. Ba mhúinteoir Gaeilge é, agus chaith sé tréimhse mar thimire do Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge. Bhíodh sé ag teagasc ag cúrsaí samhraidh i gColáiste Dhéagláin agus i gColáiste na Rinne. Nuair nach raibh sé ag obair mar mhúinteoir taistil nó mar thimire, bhí sé ina chónaí i gCeapach Choinn, contae Phort Láirge, lasmuigh de thamall gearr a chaith sé ag cónaí i gColáiste na Rinne tar éis dó éirí as an timireacht i 1945. Sheinn sé ar an bhfeadóg agus ar an bpíb uileann. Bhuaigh sé an dara duais i gcomórtas amhránaíochta an Oireachtais i 1919. Níor phós sé riamh. Fuair Labhrás bás ar an 15 Eanáir 1961 san Ospidéal i nDún Garbhán, agus tá sé curtha i gCill Bhriain.

Don cheol a bailíodh uaidh féach, mar shampla, Daithí Ó hÓgáin (eag.), Binneas thar Meon I (BÁC, 1994), 116-43. Tá ábhar a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann chomh maith. Tá cuid mhaith eolais faoi Labhrás Ó Cadhla bailithe ar an suíomh Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=309.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/1, Doegen P-B/2
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1031, LA 1032
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoTáilliúir an chroí mhóir - Labhrás Ó Cadhla
Sliabh na mBan - Labhrás Ó Cadhla
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1031d1, LA_1032d1
Céadainm (Canónta)Labhrás
Sloinne (Canónta)Ó Cadhla
Leagan(acha) eile den chéadainm Níl faisnéis ar fáil.
Leagan(acha) eile den sloinne Níl faisnéis ar fáil.
Contae dúchaisCo. Phort Láirge
SeoladhCeapach Choinn, Co. Phort Láirge (nó Béal na Molt, Co. Phort Láirge)
Aois39
Dáta breithe1889-02-01
Áit bhreitheAn Scairt, Béal na Molt, Co. Phort Láirge
Baile mór is gaire don áit bhreitheDún Garbháin, Co. Phort Láirge
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6An Scairt, Béal na Molt, Co. Phort Láirge
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20An Scairt, Béal na Molt, Co. Phort Láirge
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Co. Phort Láirge
OideachasBunscoil, Coláiste na Rinne, Co. Phort Láirge
Áit dúchais an atharAn Scairt, Co. Phort Láirge
Áit dúchais na mátharAn Scairt, Co. Phort Láirge
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Tá (píb agus fliúit)
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaMúinteoir Gaeilge
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Osborn Bergin, Tadhg Ó Donnchadha, Wilhelm Doegen
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.