Ó Baoighill, Pádraig

Nóta beathaisnéise

Tá eolas cuimsitheach faoin gcainteoir seo curtha i dtoll a chéile ag an Dr Ciarán Ó Duibhín ag http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/doegen/obaoighillp_biog.htm.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/108, Doegen P-B/109
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1247, LA 1248
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn draighneán donn (cuid 1) - Pádraig Ó Baoighill
An draighneán donn (cuid 2) - Pádraig Ó Baoighill
Thíos ag teach an tórraidh/An cailín donn (cuid 1) - Pádraig Ó Baoighill
Thíos ag teach an tórraidh/An cailín donn (cuid 2) - Pádraig Ó Baoighill
Thug mé rúide go mullaigh na cruaiche/An bruach buí - Pádraig Ó Baoighill
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1247d1, LA_1247d2, LA_1247d3, LA_1248d1, LA_1248d2
Céadainm (Canónta)Pádraig
Sloinne (Canónta)Ó Baoighill
Leagan(acha) eile den chéadainmPatrick
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Boyle
Contae dúchaisCo. Dhún na nGall
SeoladhLeitircaugh (?), An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Aois67
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheLoch an Iúir, Anagaire, Co. Dhún na nGall
Baile mór is gaire don áit bhreitheLeifear, Co. Dhún na nGall
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall; Albain (go séasúrach ó aois a 16)
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20I Meiriceá (aois a 21-32), agus ansin i Leitircaugh (?), Co. Dhún na nGall
OideachasBunscoil, Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
Áit dúchais an atharLoch an Iúir (Loch an Iubhair), Co. Dhún na nGall
Áit dúchais na mátharMín na Mara (?), An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge agus Béarla
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Myles Dillon, M.A. O'Brien
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."Voice rather shrill and hoarse." (Myles Dillon)