Ó Scolaí, Séamas
Nóta beathaisnéise
Ó Scolaí (Ó Sgolaí, Scully), Séamas (James, Jacobus) (1868-?): I gCrosdoire, An Gleann Garbh, contae Chorcaí, a rugadh é ar an 21 Aibreán 1868. Ba iad Jeremiah Scully, feirmeoir, agus Catherine Sullivan a thuismitheoirí. B'fheirmeoir é féin chomh maith. Ní bhfuair sé aon scolaíocht fhoirmeáilte riamh. I gCrosdoire a chónaigh sé ar feadh a shaoil, lasmuigh de thréimhsí fada sa Bhreatain Bheag. Phós sé a bhean chéile, Julia, timpeall 1902. Bhí triúr iníon acu agus mac amháin i 1911. Féach daonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000499101/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001824261/].
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/49, Doegen P-B/50 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1079, LA 1080 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An buachaill aimsire agus an cailín (cuid 1) - Séamas Ó Scolaí An buachaill aimsire agus an cailín (cuid 2) - Séamas Ó Scolaí Paidir an Tiarna - Séamas Ó Scolaí Murchadh agus Maonas - Séamas Ó Scolaí Ag teacht ón Aifreann - Séamas Ó Scolaí An triúr deartháir - Séamas Ó Scolaí |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1079d1, LA_1079d2, LA_1079d3, LA_1080d1, LA_1080d2, LA_1080d3 |
| Céadainm (Canónta) | Séamas |
| Sloinne (Canónta) | Ó Scolaí |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Níl faisnéis ar fáil. |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Chorcaí |
| Seoladh | Crossterry (?), An Gleann Garbh, Co. Chorcaí |
| Aois | 60 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Crossterry (?), Co. Chorcaí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Beanntraí, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Crossterry (?), Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Crossterry (?), Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Crossterry (?), Co. Chorcaí, taobh amuigh de chuairteanna fada ar an mBreatain Bheag thar thréimhse 10 mbliana. |
| Oideachas | Ní bhfuair aon scolaíocht. |
| Áit dúchais an athar | Crossterry (?), Co. Chorcaí |
| Áit dúchais na máthar | Gar do Crossterry (?), Co. Chorcaí |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Níl aon teanga eile aige. |
| In ann léamh? | Níl |
| In ann scríobh? | Níl |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "hell/ha mit nasalierend weichem Einschlag. mittlere Stimmkraft , geringe Konsonanz, nasalierend klingende Stimme" (Wilhelm Doegen) |
