Ó Corcráin, Tomás
Nóta beathaisnéise
Ó Corcráin (Corcoran), Tomás (Thomas) (c.1846-?): I mBoth an Dúin, contae Phort Láirge, a rugadh é, timpeall na bliana 1846. Is ansin a d'fhreastail sé ar an mbunscoil. B'fheirmeoir é. Phós sé Johana Corcoran thart ar 1897 agus bhí ceathrar mac agus triúr iníonacha acu. Bhí siad i mBoth an Dúin le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001247032/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003479100/]. Tá ábhar a bhailigh Nioclás Breathnach agus Pádraig Ó Milléadha uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. Tá cuntas gearr ag Nioclás Breathnach ina dhialann ar an gcéad uair a bhuail sé le Tomás chomh maith (2/3/1936), atá ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/22, Doegen P-B/23 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1052, LA 1053 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An mac scaiptheach (cuid 1) - Tomás Ó Corcráin An mac scaiptheach (cuid 2) - Tomás Ó Corcráin An mac scaiptheach (cuid 3) - Tomás Ó Corcráin Thánaíos 'on bhaile seo aréir - Tomás Ó Corcráin |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1052d1, LA_1052d2, LA_1053d1, LA_1053d2 |
| Céadainm (Canónta) | Tomás |
| Sloinne (Canónta) | Ó Corcráin |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Thomas |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Phort Láirge |
| Seoladh | Both an Dúin, Co. Phort Láirge |
| Aois | 82 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Both an Dúin, Co. Phort Láirge |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Dún Garbháin, Co. Phort Láirge |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Both an Dúin, Co. Phort Láirge |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Both an Dúin, Co. Phort Láirge |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Both an Dúin, Co. Phort Láirge |
| Oideachas | Bunscoil, Both an Dúin, Co. Phort Láirge |
| Áit dúchais an athar | Both an Dúin, Co. Phort Láirge |
| Áit dúchais na máthar | An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "mh, ka, gering w[eichem] Einsch[la]g. nasalisierende vibrat. schwache Stimme, charakterl. d[es] Alters stimmlose Konsonant schlecht. Sprecher und Sänger hört schwer." (Wilhelm Doegen) |
