Ó Luineacháin, Diarmaid
Nóta beathaisnéise
Ó Luineacháin (Ó Luineaháin, Linehan, Lenihan), Diarmaid (Jer, Jeremiah) (1854-?): I gCluain Droichead, contae Chorcaí, a rugadh é sa bhliain 1854. Baisteadh é ar an 20 Iúil 1854. Ba iad Jeremiah Lenihan, gabha, agus Mary Murphy a thuismitheoirí. Ba ghabha é féin chomh maith, cé go raibh sé ar scor tráth thaifeadtaí Doegen. D'fhreastail sé ar an mbunscoil i gCluain Droichead. Agus é ina dhuine fásta, chaith sé 20 bliain i Maigh Chromtha, agus ina dhiaidh sin chuir sé faoi i gcathair Chorcaí. Is ansin a bhí sé lonnaithe le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000514507/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001860676/]. Phós sé a bhean chéile, Mary, thart ar 1881. Bhí ochtar páistí acu.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/27, Doegen P-B/28 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1057, LA 1058 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Asal Charraig an Phúca - Diarmaid Ó Luineacháin Ag bun Ros na Coille - Diarmaid Ó Luineacháin Is fada dhom ar buaireamh - Diarmaid Ó Luineacháin Ceo draíochta - Diarmaid Ó Luineacháin |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1057d1, LA_1057d2, LA_1058d1, LA_1058d2 |
| Céadainm (Canónta) | Diarmaid |
| Sloinne (Canónta) | Ó Luineacháin |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Jer |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Chorcaí |
| Seoladh | Cathair Chorcaí (nó Cluain Droichead, Co. Chorcaí) |
| Aois | 73 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Cluain Droichead, Co. Chorcaí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Maigh Chromtha, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Cluain Droichead, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Cluain Droichead, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Maigh Chromtha, Co. Chorcaí (20 bliain); agus cathair Chorcaí. |
| Oideachas | Bunscoil, Cluain Droichead, Co. Chorcaí |
| Áit dúchais an athar | Ceann Toirc, Co. Chorcaí |
| Áit dúchais na máthar | Cluain Droichead, Co. Chorcaí |
| Slí bheatha an athar | Gabha |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Tá (sheinn ar an bhfidil fadó) |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Gabha (ar scor) |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "geringe Stimmkraft u[nd] Konsonanz mh/[ha?] mit [w?] hartem Einschlag. schnelles Tempo." (Wilhelm Doegen) |
